Seachtain na Gaeilge 2015

“Tá sé fuar fliuch, agus tá sé ag cur báistí!”

 

What: Bilingual guided tour of Oulart The ’98 Village and An Screig (Oulart Hill)

When: Wed 11 March, at 10.a.m – 12.30.

Mar chuid de cheiliúradh Sheactain na Gaeilge cuirfidh Club Chumann Lúthcleas Gael Abhallort-An Bealach agus Grúpa Forbartha Mhol Siúil na Screige [Chnoc an Abhalloirt] turas treoraithe ar fáil Dé Céadaoin seo chugainn, an 11 Márta, ag a deich a chlog ar maidin. Ba mhór againn tú a bheith i láthair mas mian leat.

Rachaidh an turas timpeall na suíomhanna is suimiúla sa sráidbhaile agus thuas ar an gcnoc stairiúil ar ar throid muintir na háite an cath ba mhó tionchar de chathanna uilig 1798.

Tabharfar cúntas freisin ar Thulach a’ tSolais, an leacht is mó ar domhan do 1798 agus ar cuimhneachán é a phléann an tÉirí Amach i gcomhtheács na hEagnaíochta Eorpaí.

Is cur i láthair dátheangach a bheas ann ag tiontú ón nGaeilge go Béarla chun chuile dhuine a chonneáil ar aon-téad faoin scéal.

Beidh tae agus sóláistí do chuile dhuine san Ionad Pobail á chur ar fáil faoi stiúir Breda Jacob agus a comhghleacaithe.

Details

Oulart Hill 1798 Walking Hub and Oulart-The Ballagh GAA Club are happy to host a bilingual guided tour of Oulart The ’98 Village and An Screig (Oulart Hill) on Wed 11 March, at 10.a.m. assembling at GAA Grounds. Tour takes an hour and a half.

Tea and cakes for all afterwards in Community Centre.Finished about 12.30.

Guides: Breda Jacob and Brian Ó Cléirigh

 

You may also like...